Ó Theagasc go Sealbhú Teanga
Ag ócáid sa Choláiste ar an 12 Márta, sheol an Dr John Harris ó Choláiste na Tríonóide an leabhar Ó Theagasc Teanga go Sealbhú Teanga: Múineadh agus Foghlaim na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, imeachtaí comhdhála ar an ábhar sin a d’eagraigh Roinn na Gaeilge sa Choláiste i mí Feabhra na bliana seo caite. Ba iad Rióna Ní Fhrighil agus Máirín Nic Eoin ó Roinn na Gaeilge a chuir an leabhar in eagar, agus chomh maith le cuntais ar staid reatha theagasc na Gaeilge ar an tríú leibhéal, tá aistí tábhachtacha sa leabhar faoi chúrsaí siollabais, faoin bhFráma Tagartha Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha, agus faoi mhodheolaíochtaí agus acmhainní teagaisc i gcomhthéacs ollscoile. Thagair an Dr Harris do chaighdeán na Gaeilge ag na leibhéil éagsúla den chóras oideachais agus don ról lárnach a bhí ag na múinteoirí maidir le cumas na ndaltaí sa Ghaeilge a fheabhsú agus meon dearfach ina leith a chothú. Tá níos mó mac léinn ag gabháil don Ghaeilge ar an tríú leibhéal anois ná mar a bhí riamh agus tugann na haistí sa leabhar seo aghaidh fhuarchúiseach ar riachtanais foghlama na mac léinn sin. Is é dearcadh na n-údar go mbraitheann todhchaí Léann na Gaeilge ar fheabhas theagasc na teanga féin, chomh maith le cumas aos acadúil na Gaeilge mic léinn a spreagadh le spéis a chur i sainréimsí ar leith scoláireachta.
Last Updated: Friday March 20 2009
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

