Seoladh Scáthán '10/ Launch of Irish-language Student Magazine
Sheol Pól Ó Muirí, eagarthóir Gaeilge an Irish Times, Scáthán ‘10, iris Ghaeilge na mac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Dé Máirt seo caite. Ócáid mhór, thaitneamhach a bhí sa seoladh céanna, a thug deis do lucht an Choláiste ceiliúradh a dhéanamh ar chumas liteartha na mac léinn. Rinne Pól Ó Muirí cur síos ar a thaithí féin mar iriseoir ó laethanta a óige ar aghaidh agus luaigh sé tábhacht na scríbhneoireachta Gaeilge sa mhílaois úr.
Bronnadh duaiseanna liteartha ar Paula Melvin, ar Sheán Ó Dubhchon agus ar Michelle Ní Bhraonáin i rith na hócáide agus moladh saothar na mac léinn go hard. Chuir ceoltóirí an Choláiste go mór leis an ócáid fosta.

Sa Ghrianghraf: Coiste Eagarthóireachta Scáthán ’10: Sarah Gannon, Caoimhín Ó Dochartaigh, Seán Ó Dubhchon, Ríona Nic Congáil, Pól Ó Muirí, Keith Smith, Michelle Ní Bhraonáin, Colm Ó Dónaill agus Niamh Ní Dhónaill.
Last Updated: Thursday May 13 2010
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

