St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

Siollabas Nua Gaeilge don Tríú Bliain Ollscoile Seolta i gColáiste Phádraig

An Dr John Walsh (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), an tOll. Máirín Nic Eoin (Coláiste Phádraig),  Seán Ó Cuinn (Leasphríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge), Seosamh Ó Coinne (Clárbhainisteoir Oideachais Fhoras na Gaeilge), an Dr.Caoimhín Ó Dónaill (Ollscoil Uladh), Ailín Ní Chonchúir (Bainisteoir

 

Sheol Neasa Ní Chinnéide, saineolaí ar an ilteangachas agus iar-Chathaoirleach an Bhiúró Eorpaigh do Theangacha Neamhfhorleathana, an tríú céim de thionscadal náisiúnta siollabais don Ghaeilge ar an tríú leibhéal anseo i gColáiste Phádraig, tráthnóna Dé Luain, 6 Feabhra. An tUachtarán Pauric Travers, le Siún Ní Mhaonaigh (Meitheal Siollabais), Ailín Ní Chonchúir (Bainisteoir Tionscadail) agus an Dr Caoimhín Ó Dónaill (Ollscoil Uladh)

An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, grúpa atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ranna Gaeilge in ollscoileanna, i gcoláistí oideachais agus in institiúidí eile tríú leibhéal thuaidh agus theas, atá i mbun an tionscadail seo, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá fiche coláiste ar fad rannpháirteach sa Mheitheal, a bunaíodh sa bhliain 2008, agus tá an tOll. Máirín Nic Eoin ó Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach agus an Dr John Walsh ó Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina gComhstiúrthóirí ar an tionscadal. Ba í Ailín Ní Chonchúir, a bhí fostaithe mar Bhainisteoir Tionsadail, a dhear agus a scríobh an Siollabas agus a chruthaigh an t-ábhar samplach teagaisc a ghabhann leis.     

Agus Siollabas Nua an Tríú Bliain á sheoladh ag Neasa Ní Chinnéide, mhol sí obair na Meithle go hard, ag díriú go háirithe ar an earraíocht a baineadh as an bhFráma  Tagartha Eorpach, agus an tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht a bhain leis an ábhar teagaisc ilmheáin a ghabhann leis an Siollabas. Ghabh an Bainisteoir Tionscadail, Ailín Ní Chonchúir, buíochas le gach uile dhuine a bhí rannpháirteach san obair, go háirithe an Mheitheal Siollabais, grúpa lárnach saineolaithe teanga agus teangeolaíochta. In aitheasc a thug an tUas. Seán Ó Cuinn, Leasphríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, luaigh sé an tábhacht ar leith a bhain le gné an chomhoibrithe idir-institiúidigh den tionscadal. Agus clabhsúr á chur aige leis an ócáid fhoirmiúil, mhaígh an Dr John Walsh go bhfuil sé i gceist struchtúr na Meithle a choinneáil mar ghréasán náisiúnta ardoideachais chun tionscnaimh eile teagaisc agus taighde a fhorbairt san am atá amach romhainn. 

Mic léinn Síomha Ní Mhuirí agus Paula Melvin, leis an Dr Rióna Ní FhrighilIs go leictreonach atá an Siollabas foilsithe, agus tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an Tionscadail, www.teagascnagaeilge.ie, suíomh atá á riaradh ag an Dr Caoimhín Ó Dónaill in Ollscoil Uladh. Tá teacht ar an suíomh ar an Siollabas féin; ar ábhar samplach a léiríonn prionsabail an tSiollabais agus conas na prionsabail sin a chur i bhfeidhm sa seomra ranga; ar an bhfillteán foghlama do mhic léinn atá mar chuid lárnach den Siollabas; ar liosta acmhainní tacaíochta don mhac léinn; agus ar chuntas ar chúlra agus ar stair an Tionscadail a bhfuil an Siollabas mar thoradh air.

 

 

Last Updated: Wednesday February 08 2012

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright