St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

Seoladh an DVD Nua ar Thús na Léitheoireachta i Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Seosamh Ó Murchú (An Gúm) Máire Ní Bhaoill (Coláiste Phádraig) agus Muireann Ní Mhóráin (COGG)

Sheol Muireann Ní Mhóráin ón gComhairle um Oideachas agus Gaeltachta (COGG) an DVD nua ar Thús na Léitheoireachta i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag ócáid spreagúil i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ar an Déardaoin 7 Deireadh Fómhair.

I measc na ndaoine a bhí i láthair ag an ócáid, bhí múinteoirí a bhí páirteach ins an DVD:

    • Bairbre Mhic Dhonncha, SN Leitir Móir, Co na Gaillimhe
    • Deirdre Ní Dhorchaí, Gaelscoil Mhichíl Chíosóig, Inis, Co an Chláir
    •  Bríd Mhic Gearailt, Scoil an Duinnínigh, Sord, Co Bhaile Átha Cliath.
    • Máire Uí Dhufaigh (Comhordaitheoir an tionscadail Náisiúnta Séideán Sí), Inis Oirr, Oileán Árainn, Co na Gaillimhe.

Anuas ar na scoileanna sin, rinneadh taifeadadh ar:

  • Aodh Ó Gallachóir, Scoil Naomh Muire, Na Doire Beaga, Co. Dhún na nGall
  • Caitríona Uí Bhéarra, Scoil Sailearna, Indreabháin, Co. na Gaillimhe
  • Niamh Rutar agus Edel Nic Éanaigh, Gaelscoil Mhichíl Chíosóig, Inis, Co. an Chláir.
  • Aisling Ní Mháirtín, Scoil Neasáin, Bóthar Nic Amhlaí, Baile Átha Cliath 5
  • Caitríona Ní Ghriallais, Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe (Tuismitheoir)
  • Máirín Ní Eidhin, Scoil Náisiúnta Leitir Móir, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe (Tuismitheoir).

Mhol Muireann Ní Mhóráin (COGG) an éacht oibre a bhí déanta ag Máire Ní Bhaoill agus Paul Murphy agus go mbeadh an DVD mar acmhainn luachmhar i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Dúirt sí go mbeadh COGG sásta maoiniú a chur ar fáil chun an dara cuid den tionscadal ar ‘Forbairt na Léitheoireachta sna Meán agus sna hArd Ranganna’ a fhorbairt amach anseo.

  • Léiríonn an DVD dea-chleachtas maidir le tús na léitheoireachta mar chuid den chlár Séideán Sí. Tugtar treoir do mhúinteoirí maidir le húsáid na leabhairíní, léitheoireacht pháirteach agus conas na grúpaí léitheoireachta a eagrú.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Last Updated: Tuesday October 19 2010

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright