Error processing SSI file
St. Patrick's College Logo
St.  Patrick's College Drumcondra Dublin 9
Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9
Error processing SSI file
Camogie match at St. Patrick's College Drumcondra
Error processing SSI file
Error processing SSI file
News & Events
News about St Patrick's College

 

Seoladh An Leathanaigh 'Oifig Na Gaeilge' Ar Shuíomh Gréasáin

Choláiste Phádraig

Bhí slua breá i láthair am lóin i Seomra Caidrimh an Choláiste le deireanaí nuair a sheol Ceann Roinn na Gaeilge, an Dr. Alan Titley, agus Oifigeach na Gaeilge, Sorcha de Brún, an leathanach Gaeilge ar shuíomh gréasáin an Choláiste. Oifig na Gaeilge is teideal don suíomh seo agus is féidirteacht air ag:

www.spd.dcu.ie/main/oifignagaeilge/index.shtml.

Suíomh aonteangach atá ann go fóill; ach sa dá theanga, Béarla agus Gaeilge, a bheidh an suíomh san am atá le teacht. Is é seo an suíomh is nua sa Choláiste agus cruthaíodh é ionas go ndéanfaí freastal ar chúrsaí na Gaeilge sa Choláiste. Bhí idir mhic léinn agus bhaill fhoirne i láthair sa Seomra Caidrimh leis an ócáid a mhóradh, agus bhí bús cainte agus cuileachta ag gach dá raibh ann.

Baineann cruthú an leathanaigh seo go dlúth le polasaí dátheangach an Choláiste. Thug an Dr. Titley eolas uaidh faoin gceist seo, agus faoi stair mhór na Gaeilge a bhain leis an gColáiste thar na mblianta, agus a mhaireann i gcónaí. Is é sprioc an tsuímh Oifig na Gaeilge, a dúirt sé, ná go mbeidh deis ag daoine teacht ar eolas faoi chúrsaí Gaeilge sa Choláiste agus lasmuigh gan mhoill agus gan dua. Beidh caoi ag daoine chuige sin de bharr an tsuímh seo, a mhaígh sé. I measc na míreanna eolais a bheidh i gceist, beidh Nuacht na Gaeilge, Aistriúcháin (ar leathanach eolais faoi chúrsaí aistriúcháin é), eolas faoi Imeachtaí Sóisialta na Gaeilge agus fuílleach eile.  Dóibh siúd atá ag cur rompu cúpla focal a fhoghlaim, nó fiú barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge, is féidir fáil amach mar gheall ar na ranganna éagsúla a bhíonn ar siúl sa Choláiste ar Ranganna Gaeilge.

Thairis sin uile, beidh dhá leathanach speisialta ann a dhíreoidh isteach ar chúrsaí na Gaeilge i gcoitinne. An chéad cheann ná Agallamh na Míosa ina gcuirtear duine éigin a bhaineann le saol an Choláiste agus le saol na Gaeilge faoi agallamh uair sa mí. An chéad duine a mbeidh a shaothar faoi chaibidil ná Fiontán Ó Cuinn, mac léinn aibí atá sa tríú bliain. Bhuaigh Fiontán gradam aisteoireachta le deireanaí as an bpáirt a ghlac sé sa dráma An Saol Eile a léirigh an Dr. Ríóna Ní Fhrighil. Beidh an t-agallamh seo ar fáil i dtreo dheireadh na míosa seo. An dara mír mhíosúil a bheidh ann ná Léitheoireacht sa Ghaeilge ina bpléifear leabhair agus údáir na Gaeilge, agus táthar ag súil go mbeidh idir mhic léinn agus bhaill fhoirne rannpháirteach sa ghnó seo.

 

                                          

 

last updated: Tuesday March 21 2006
table base
   
  Error processing SSI file
   
  Error processing SSI file