| Sraith Scannán Gaeilge Le Taispeáint
Cuireadh tús le sraith scannán agus chlár faisnéise Gaeilge a thaispeáint le deireanaí sa Choláiste, nuair a taispeánadh an chéad ghearrscannán roimh an Nollaig. Níl anseo ach an tús; tá fuílleach scannán agus clár faisnéise eile Gaeilge le taispeáint idir Mí Eanáir agus Mí an Mheithimh, leithéidí Lip Service, An Leabhar, Caca Milis, Aqua, Clare sa Spéir, Éiriville agus go leor eile mar bharr air sin.
Tá borradh tar éis teacht faoi chúrsaí scannánaíochta na Gaeilge le blianta anuas agus tá baint nach beag ag TG4 leis an bhfiontar seo. Bíodh is go bhfuil lucht déanta scannáin na Gaeilge ar an bhfód ó thús tionscal na scannánaíochta in Éireann – áirim Louis Marcus agus Bob Quinn - chuir TG4 i dtaca an Bhoird Scannáin agus FilmBase na scéimeanna gearrscannánaíochta Lasair agus Oscailt ar bun i 1998 agus 2000 faoi seach, chun gearrscannáin Ghaeilge a spreagadh. Tá a macasamhail de scéim Bhéarla ann, chomh maith: Short Cuts is ainm do sin. I measc na spriocanna a luadh sna forálacha ag an am bhí spreagadh na Gaeilge féin, agus sin ag teacht go huile eis go hiomlán le bunú agus forbairt TG4, nó Teilifís na Gaeilge mar ab fhearr aithne air um an dtaca sin.
Tá clú, cáil agus duaiseanna éagsúla bainte amach ag Yu Ming Is Ainm Dom, an chéad scannán a taipseánadh le deireanaí. Scannán é seo a phléann ceisteanna teanga agus ceisteanna labhartha sa chiall is leithne den bhfocal labhairt. Tá leaid óg ón tSín mar phríomhphearsan an scannáin, leaid a chuireann roimhe an Ghaeilge a fhoghlaim thall sa tSín agus, i ndeireadh na dála a thagann go hÉireann ar thóir na teanga. Is cuid thábhachtach den scannán é a dtiteann amach do ina dhiaidh sin agus ní neosfar anseo é. Ach is díol suntais gurb é Taxi Driver le Robert De Niro an mórscannán claisiceach is mó a bhfuil rian aige ar Yu Ming Is Ainm Dom ó thaobh cleasanna na scannánaíochta de. Go deimhin féin, tá mír amháin den scannán Gaeilge atá ina homage díreach ar Taxi Driver – ach fágfar chuig an lucht féachana é sin a aimsiú.
Agus conas a fheictear na scannáin seo, arsa tú? Sa phictiúrlann, gan amhras! Bíonn na gearrscannáin Ghaeilge seo mar chéilí scannáin ag na mórscannáin don chuid is mó de, sa mhéid is go dtaispeántar roimh an mórphictiúr iad de ghnáth: daoine díreach tar éis suíochán maith a aimsiú, lán dá mboise de phopcorn acu, ar a sáimhín só i ndorchadas na pictiúrlainne ag súil leis an mórphictiúr - agus, gan choinne, an gearrscannán Gaeilge chucu.
Seo chugaibh anois é: deis eile chun gearrscannáin na Gaeilge a fheiscint.
Sorcha de Brún,
Oifigeach na Gaeilge
Mí Eanáir 2006
|