Tadhg Mac Dhonnagáin ar cuairt i gColáiste Phádraig

Dé Céadaoin an 4ú Márta agus Déardaoin an 5ú Márta rinne an cumadóir amhrán, léiritheoir ceoil agus scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin cur i láthair do chomhluadar Choláiste Phádraig. Sa Spidéal, i nGaeltacht Chonamara atá cónaí ar Thadhg agus cháiligh sé féin mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig.
Tá ceithre cinn de bhunalbaim nua-amhrán eisithe aige: Solas Gorm (Gael Linn 1988), Raifteirí san Underground (CIC 1993); dhá chnuasach do pháistí –Bliain na nAmhrán (Futa Fata 1997) agus Ceol na Mara (Futa Fata 2004). Eisíodh rogha amhrán leis faoin teideal Imíonn an tAm sa mbliain 2004. Tá a chomhlacht foilsitheoireachta féin (Futa Fata) ag Tadhg. Tá sé féin agus an cumadóir agus léiritheoir ceoil John Ryan ag obair as láimh a chéile le fada an lá. Tá leabhair agus dlúthdhioscaí curtha i dtoll a chéile ag Tadhg I bpáirt le John. Orthu seo tá an cnuasach de rannta traidisiúnta do pháistí
Gugalaí Gug (Futa Fata 2005). Sa chéad cheardlann thug Tadhg eolas faoin bproiséas a bhaineann le leabhair a scríobh do pháistí agus thug tuairisc ar an gcomhoibriú a bhíonn ar siúl ar bhonn idirnáisiúnta idir comhlachtaí foilsitheoireachta a bhíonn ag soláthar ábhair do pháistí. Bhain mic léinn ón Tríú Bliain B.A. atá ag plé leis an gcúrsa An Focal Beo faoi láthair sásamh ar leith as an aithris spraoiúil a rinne Tadhg ar an scéal Frog sa Spéir. Sa dara ceardlann d’ aithris Tadhg amhráin ghreannmhara do mhic léinn an Chúrsa Iarchéime san Oideachas atá ag plé leis an gcúrsa An Ghaeilge Timpeall Orainn agus thug blaiseadh dóibh den ábhar atá curtha ar fáil aige sa leabhar Gugalaí Gug. Is cinnte go raibh spreagadh mór sa dá cheardlann do ábhar scríbhneoirí agus cumadóirí.
Last Updated: Thursday March 12 2009
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

