Error processing SSI file
St. Patrick's College Logo
St.  Patrick's College Drumcondra Dublin 9
Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9
Error processing SSI file
Camogie match at St. Patrick's College Drumcondra
Error processing SSI file
Error processing SSI file
News & Events
News about St Patrick's College

 

Lá Na n-Acmhainní Gaeilge I gColáiste Phádraig

Bhí fuadar fadair mhaidin inné nuair a thug comhlachtaí Gaeilge éagsúla na tíre cuairt ar Choláiste Phádraig le taispeántas acmhainní Gaeilge a dhéanamh. Rinne suas le 15 chomhlacht Ghaeilge agus cúpla céad mac léinn freastal ar an taispeántas agus d’éirigh thar barr leis an ócáid i mbliana. Bhíothas ag súil leis na sluaite, ach ba léir gur chuir daoine eile nach mic léinn B.Oid. iad an-suim go deo in imeachtaí agus in earraí na gComhlachtaí éagsúla, leis. Ócáid bhliantúil í seo, arb iad Roinn na Gaeilge Choláiste Phádraig agus Coláiste Mhuire Mharino, a reáchtálann an ócáid. Bhí deis iontach ag na mic léinn -  tuairim is 700 acu a bheidh ag teacht amach ina múinteoirí i mbliana -  earraí Gaeilge na gcomhlachtaí a fheiscint dóibh féin agus teach ar an eolas faoi na seirbhísí a chuireann na heagraíochtaí agus na comhlachtaí go léir ar fáil. I measc na gcomhlachtaí a rinne a gcuid earraí a chur i láthair bhí Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus go leor eile nach iad.

Bíonn flúirse earraí á léiriú ag na Comhlachtaí seo, idir leabhair, téipeanna agus acmhainní áisiúla eile. Mar bharr ar an léiriú a dhéantar ar na hearraí Gaeilge iad féin, agus conas gaisneas a bhaint astu, deis í seo do na mic léinn teagmháil phearsanta a dhéanamh leis na heagraíochtaí Gaeilge, rud a d’fhéadfadh cabhrú go mór leo sna blianta atá rompu nuair a bheidh siad ina múinteoirí déanta. Ba mhór an tairbhe a bhain na mic léinn as an taispeántas agus luadh, i measc rudaí eile,  deá-thoil lucht an taispeántais agus an chuileachta a bhí le brath ar an ócáid.

Is í seo an séú bhliain a eagraíodh an Taispeántas sa Choláiste. Cuireadh clabhsúr ar an ócáid go ceann bliana eile le lón don gcomhthionól, a cuireadh ar fail do lucht na seastán sa Choláiste.

 


 

                                          

 

last updated: Monday March 06 2006
table base
   
  Error processing SSI file
   
  Error processing SSI file